Jump to content

Calvert Vaux

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCalvert Vaux

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Nollaig 1824
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Samhain 1895
70 bliana d'aois
Brooklyn, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach ()
Áit adhlacthaMontrepose Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síMerchant Taylors' School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmailtire, ailtire tírdhreacha Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne

Find a Grave: 20972 Cuir in eagar ar Wikidata

Ailtire agus ailtire tírdhreacha Briotanach-Mheiriceánach ab ea Calvert Vaux (20 Nollaig 182419 Samhain 1895). I Londain a rugadh é. Rinne sé a phrintíseacht ailtireachta ansin faoi Lewis Nockalls Cottingham, a bhí chun tosaigh san Athbheochan Ghotach. D'oibrigh sé ansin go dtí go raibh sé 26 bliana d'aois. Sa bhliain 1851 thug sé aghaidh ar Newburgh, Nua-Eabhrac chun oibriú le gnólacht ailtireachta agus deartha ansin faoi Andrew Jackson Downing.

Dhear Vaux roinnt mhaith páirceanna sna Stáit Aontaithe i dtréimhse a raibh fás mór uirbeach ar siúl sa tír úd. Sa bhliain 1865, chuir sé comhlacht nua, Olmstead, Vaux and Company, ar bun in éineacht lena chomhpháirtí sóisearach Frederick Law Olmsted. Leag siad amach Prospect Park agus Fort Greene Park in Brooklyn agus Morningside Park in Manhattan. Aithnítear thar aon ní eile iad, áfach, as Central Park.

Sa bhliain 1895, agus eisean ar cuairt ar mhac leis, bádh é i dtimpiste i mBá Gravesend, i mBrooklyn. Tá sé curtha in Kingston, Nua-Eabhrac.

An Móinéar Fada in Prospect Park, Brooklyn
Foinsí
  • Kowsky, Francis R., Country, Park & City: The Architecture and Life of Calvert Vaux, Oxford University Press, ua-Eabhrac 1998; ISBN 0-19-511495-7
  • Rosenzweig, Roy, and Elizabeth Blackmar. The Park and the People: A History of Central Park. Ithaca, NY: Cornell University Press, 1992. ISBN 0-8014-9751-5.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]